
Is scoil bheag Gaeltachta, i mbaile Loch an Iúir í Scoil Eoin Pól. Tá 44 dalta againn i mbliana, agus beirt mhúinteoir ranga lán-aimseartha. Freastalaíonn Múinteoir Tacaíochta Foghlamtha orainn dhá lá sa tseachtain.
Mairead Nic Suibhne- Príomhoide na Scoile
Caitlín Uí Rabhartaigh- Múinteoir Ranga
Ann Marie Bn Mhic Suibhne- Múinteoir Tacaíochta Foghlamtha
Faigheann Loch an Iúir a ainm ón chrann Iúr a fhásann ar Oileán Iúir, atá suite i lár an locha sa cheantar. Tagann go leor turasóirí na h-áite de bharr.
Ins an scoil, dhéanann gach múinteoir cinnte go mbíonn an Ghaeilge mar theanga oibre sa rang. Tá nasc láidir ag Coláiste Mhuire i Loch an Iúir leis an phobal seo, agus scolairí ag teacht go dtí'n Tech le blianta fada.
Tá ríomhairí agus teicneolaiocht go mór i bhfeidhm sna ranganna anseo sa scoil, agus béim láidir a chur ar ghleasanna iPads agus Android le tacaíocht a thabhairt don fhoghlaim agus don teagaisc.
Ar an suíomh seo gheobhaidh sibh go leor eolais fá shaol na scoile, fá pholasaithe scoile, agus fá obair na bpáistí sa rang.
Más mian libh teangmháil a dhéanamh linn:
Fón: 074 9548222
r-Phost: scoillochaniuir@eircom.net
Facebook: Scoil Loch an Iúir
